Imbolc 2017

screen-shot-2017-01-30-at-13-39-51

Beidh Imbolc 2017, an chomhdháil Ghaeilge inspioráideach, ar siúl ar an Satharn 11ú Feabhra 2017, san Ionad Cultúrtha, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí. Beidh scoth na nGaeilgeoirí, a bhfuil obair agus taighde ceannródaíoch ar bun acu, ag caint (agus ag díospóireacht) ann.

Is tionól aon lae amháin é, agus beidh Gaeilgeoirí iontacha suimiúla ag caint ann, daoine a bhfuil obair agus taighde ceannródaíoch ar bun acu ó gach aon earnáil den saol – gnó, na healaíona, na heolaíochtaí agus eile. Má tá spéis agat i gcúrsaí teicneolaíochta, gnó, comhshaoil, eacnamaíochta, ceoil, agus ábhair eile nach iad – ba cheart duit freastal ar Imbolc 2017! Beidh plé, díospóreacht, is cur agus cúiteamh ann, agus ní bhfaighfí a leithéid aon áit eile!

CLÁR AN LAE

09:30 Clárú don lucht féachana

10:00 Máirtín Mac Con Iomaire – Is cócaire gairmiúl, léachtóir in Ealaín na Cócaireachta, agus stairí bia é Máirtín, atá ag obair as Institiúd Theicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Sráid Chathal Brugha le beagnach fiche bliain anois.

10:30 Sorcha Nic Mhathúna – Bainisteoir Cumarsáide Oxfam na hÉireann is ea Sorcha. Bhí sí ag obair sna Filipínigh, sa tSúdáin Theas, sa Liobáin agus sa Tansáin go dtí seo. I measc rudaí eile, bíonn sí ag plé le ábhair ar nós gearchéim na dteifeach.

11:00 SOS

11:30 Ruadhán Mac Cormaic – Is iar-chomhfhreagraí dlí agus iar-chomhfhreagraí Pháras é Ruadhán Mac Cormaic leis an Irish Times, atá anois ina Chomhfhreagraí Gnóthaí Eachtracha. Le déanaí foilsíodh an chéad leabhar dá chuid, The Supreme Court, a bhfuil ard-mholadh á thabhairt dó.

12:00 Caoimhín Ó Raghallaigh – ceoltóir fíor-speisialta is ea Caoimhín – duine a bhain rath amach ní amháin leis féin ach le déanaí mar chuid de ghrúpaí ar nós Triúr agus The Gloaming, a chuir ceol traidisiúnta na hÉireann i lár an aonaigh go hidirnáisiúnta.

12:30 LÓN

2:00 Ruth Nic Aibhne – Tá dlúthbhaint ag Ruth le cúrsaí spáis, agus d’oibrigh sí le ESA agus EUMETSAT, agus fuair sí cuireadh chuig lainseáil deireanach an spástointeálaí mar bhall den leanúnacht méan sóisialta de chuid NASA. Oibríonn sí anois i gcumarsáid na heolaíochta.

2:30 Ciarán Mac an Bhaird – Is léachtóir é Ciarán Mac an Bhaird le Gnó agus Bainistíocht i Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá PhD bainte amach aige i gColáiste na Tríonóide, chomh maith le B.Comm. agus céim L.L.B. ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus M.Sc. san Airgeadas ó Ollscoil na hÉireann Baile Átha Cliath. Is é sin le rá, fear mór an eolais!



3:00 SOS



3:30 Dónal Ó Céilleachaír – Déantóir scannán is ea Dónal a bhíonn ina chónaí idir Éire agus Nua Eabharc. Tá scil faoi leith ag Dónal an draíocht agus an cultúr domhain a bhíonn i gcúrsaí tuaithe agus Gaelacha a léiriú ina chuid saothar – ina measc Áiliu Iath n-hÉrend, Triúr sa Draighean, Camino na Sáile agus Ó Dhúthaigh Mhúscraí a thaispeánfar ar lá na féile.

4:00 Taispeáint Ó Dhúthaigh Mhúscraí – Scannán nua Dhónail Uí Chéilleachair, a dhéanann iniúchadh ar ealaíontóirí Mhúscraí, agus a scagann na naisc atá ann idir a gcuid saothar agus tírdhreach an cheantair, chomh maith le proiséas na healaíona féin. Agus ní stopfaidh an cur ná an cúiteamh ansin, mar tá cuireadh oscailte do gach duine teacht go dtí Óstán an Muilinn ina dhiaidh!

Tá cainteanna na mblianta seo thart ar fáil saor in aisce ar an suíomh www.imbolc.ie, agus go dtí seo féachadh orthu breis agus 4,500 uair.

Beidh Caoimhín Ó Raghallaigh i mbun ceoil an oíche roimh ré chomh maith (Aoine 10ú Feabhra), le ceolchoirm speisialta san Ionad Cultúrtha i gcomhpháirtíocht le hImbolc.

 Má tá eolas breise uait is féidir féachaint ar www.imbolc.ie.

Is féidir clárú a dhéanamh ar http://www.imbolc.ie nó tríd an Ionad Cultúrtha ag (026) 45733.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s