Seoladh Dlúthdhiosca san Ionad Cultúrtha (26/05)

CD Launch in the Ionad Cultúrtha

(Preas-ráiteas níos faide thíos / See press release below)

Poster for Facebook.JPG

An Crúiscín Lán

le Seán Ó Liatháin

Beidh Seán Ó Liatháin, nó Johnny Corney mar a ghlaoitear air go háitiúil, ó Bhaile Mhic Íre, ag seoladh dlúthdhiosca dúbailte dá chuid amhrán in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loinsigh ar an Aoine, 26ú Bealtaine. Beidh an dlúthdhiosca á sheoladh i gcomhpháirtíocht le scéim amhránaíochta Aisling Gheal agus tá sé beartaithe ag Séan an t-airgead ar fad ó dhíolachán an dlúthdhiosca a chur i dtreo Ospidéal Mhaigh Chromtha.

Beidh 24 fuaimrian san iomlán le cloisint ar an dá dhlúthdhiosca dár teideal An Crúiscín Lán. Is é Peadar Ó Riada a thaifead an dlúthdhiosca ina stiúideo sa Draighean i gCúil Aodha. Tá na hamhráin ann idir Ghaoluinn agus Béarla araon, agus iad mar shamail de shaol Sheáin go dtí seo – amhráin lena uncail Peaití Tadhg Pheig, amhráin ó uncail eile leis, John Tadhg Pheig agus a bhean chéile siúd, Molly Patsy, amhráin a d’fhoghlaim sé le Cór Chuil Aodha ó na seascaidí i leith agus cúpla amhrán eile a thug sé geann dóibh ó am go chéile.

Beidh an t-albam á sheoladh le ceolchoirm bríomhar in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh ar an 26ú Bealtaine. Mar chuid de himeachtaí na hoíche beidh Seán á chur faoi agallamh ag Peadar Ó Riada idir a chuid míreanna amhránaíochta agus beidh neart scéalta le hinsint aige. Cuirfear tús leis an gceolchoirm agus an seoladh ar a 8:30in. Níl dabht ach go mbeidh an-oíche ann agus beidh fáilte chroíúil roimh chách. Is féidir ticéid, ar chostas €15, a chur in áirithe ach glaoch ar an Ionad Cultúrtha ag 026 45733.

**********************

Séan Ó Liathán, or Johnny Corney as he is known locally, who hails from Ballymakeera (Baile Mhic Íre), will launch his debut album in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh on Friday, 26th May. The album will be launched in conjunction with the local traditional singing incentive Aisling Gheal and Seán has decided to donate all proceeds from CD sales to Macroom Hospital.

This double CD, entitled An Crúiscín Lán, will comprise a total of 24 tracks. The album was recorded by Peadar Ó Riada in his studio in An Draighean, Cúil Aodha. The songs vary between both Irish and English, and are reresentative f Seán’s life to date – songs he acquired from his uncle Peataí Tadhg Pheig, songs he learned from another uncle, John Tadhg Pheig and his wife, Molly Peatsaí, songs he learned as a member of Cór Chúil Aodha since the sixties and some more he became fond of himself over the years.

The album will be launched with a lively concert in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Baile Mhúirne on the 26th May. As part of the night’s events Johnny will be interviewed by Peadar Ó Riada in-between his performances of songs taken form the album, with plenty stories to accompany them. The concert and launch will kick off at 8:30pm. This will undoubtedly be a fantastic night of songs and stories, and everyone is more than welcome to attend. Tickets, priced €15, can be pre-booked by calling the Ionad Cultúrtha on 026 45733.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

w

Connecting to %s