Feachtas chun an t-idirlíon a Ghaelú

 

Tá breis agus 25% den Ghréasán Domhanda á rith ar WordPress, chóras foinse oscailte nach bhfeictear de ghnáth, ach atá taobh thiar de na suíomhanna is mó ar líne. Cé go bhfuil sé ar fáil in a lán teangacha éagsúla, go dtí seo ní raibh sé ar fáil as Gaeilge.

Tá feachtas Kickstarter tosnaithe ag Tomás Ó hAodha, innealtóir bogearraí, le go n-athrófar an scéal sin. Chun aistriúchán den chéad scoth a chruthú don chóras ríthábhachtach seo, cuireann an feachtas seo roimhe €4,000 a bhailiú, le haistritheoirí proifisiúnta a chur i mbun na hoibre. Agus taithí fada aige i saol na ríomhairí, cuirfidh Tomás ansin an t-aistriúchan i riocht ceart do WordPress.

Nuair atá sé curtha i gcrích, cuirfear an t-aistriúchán ar fáil saor in aisce, mar áis foinse oscailte, do phobal na Gaeilge ar fud an domhain. As sin amach beidh an Ghaeilge ar fáil mar rogha nádúrtha d’éinne ar mhaith leo suíomh a chruthú ó bhun go barr sa teanga.

Tá Tomás Ó hAodha ina chónaí i mBaile Bhúirne, Gaeltacht Mhúscraí, agus oibríonn sé mar innealtóir bogearraí. Is co-bhunaiteoir é d’fhéile Imbolc (www.imbolc.ie), a bhíonn ar siúl gach bliaiin i mBaile Bhúirne agus ag an Electric Picnic.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil, agus tacaíocht a thabhairt, ag https://www.kickstarter.com/projects/797736433/irish-langauge-wordpress

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

w

Connecting to %s