An Cuireadh
A fhilí na Dáimhe níl bhur gclú le sárú
Mo chairde, bhur gcairde clann cairdiúil dlúth
Glacaigí lem’ chuireadh seolta go fáilteach
Is tagaigí ‘n bhur sluaite le h-úire bhur smaointe
Breacaithe i bhfoirm bhéarsaí mar is dual don bhféile
Bídís aerach, gairid nó fada ar do rogha mhéadar
Déanaigí moladh agus spórt ar gach ábhar ach aoir
Beannacht Dé leis na filí d’fhág sinn go tréith
I bhflaitheas na ngrást táid ‘nár n-aice fós
Go gnóthach ár bhféile a choimeád ar an bhfód
Is fada an lá é chíncís 1925
Filí Dáimh Scoil Mhúscraí ag saothrú gan dua
Ag ceiliúradh gach bliain ndiaidh a chéile
Tair chughainn i mbliana fáilteofar tú gan iarracht
Ach gheóbhair bualadh bos éachtach má bhíonn agat dán
Geallaim díbh sult is oíche caithréimigh
Mar a chleachtaí in Éirínn i laethe na sean
Tá mo chroí ag preabarnaigh ag súil le bhur ndréachtaí
Beidh oíche go maidin againn a bheidh fileata léannta
Nócha bliain caite ag ceiliúradh an traidisiún gaelach is arsa in Éirinn
Betsy Ní Shuibhne, Uachtarán
____________
An Cheist
Trumpa balbh néata a luaigh an fhile ina dhán
I dteanga nach dtuigfeadh éinne ag giolcáil dúinn bharnáil
Bagairtí ar gach taobh ag cur i gcontúirt ár slándáil
An dtabharfá slán sinn a Mhic Dé ó Oráisteach an Tí Bháin?
Tá ceannaire místuama a thabharfadh do an dúshlán
Ar cheann arm mhillteach i dtírín mídhaonna thall san Áis
Gach rud ullamh don chogaíocht ghéar, idir sliogáin is diuracháin
A Uain Dé, le dóchas a éilím an dtabharfá dúinn síocháin?
Tá an oighear ag leá leis is gan aon stop d’ár bhfagáil
Aer te san atmasféar ag téamh an domhain beagán ar bheagán
Báisteach tréan is tóirneach géar is díle ar Inis Fáil
A Aoire shéimh, bhfuil aon baol go dtiocfaidh tú dár tarrtháil?
Claíomh le faobhar ina bhagairt scéin d’fhuil ár muineáil
Is buamaí daonna go pléascach tréan i veán bán á dtiomáint
Ag trodaí Dé faoi threoir a chléir i mbun sléacht ar Chrosáid
A Mhaighdean Mhátháir, ar son Dé, an ndeinfeá sinn a shábháil?
An Cheangal
Is fearr droch rith ná seasamh séimh ar bhruach an dhuibheagáin
Is fearr ól go doimhin is tú ag fánacht tréan ar lá an áir
Is fearr Dia a thréigean na cloí go bréagach le miotas na seana bhfáidh
Cothromas is cóir a éileamh is, ar son Cé, ná bac leis an mbéal bán!
Concubhar Ó Liatháin, An Chléireach
_______________
Beidh an Dámhscoil á thionól in Ostán Ghobnatan, Baile Mhúirne, ar an Satharn, 21ú Deireadh Fómhair, 2017. Cuirfear tús leis an dtionól ag 7 i.n.
Ar a 2in an lá céanna agus san ionad céanna, beidh ceardlann filíochta le Seamus Barra Ó Suilleabháin, file óg a bhfuil leabhar leis dar teideal Beatha Dhónail Dhuibh foilsithe agus ard chlú air. Tá an cheardlann seo dírithe ar dhaoine óga go háirithe nó tá clú ar Shéamus Barra as ucht a chuid rapaireachta.
Cuir teachtaireacht chuig An Cléireach má tá suim agat bheith páirteach sa cheardlann.
________________
Eolas Breise:
Betsy Ní Shuibhne, Uachtarán – 026 45039
Maighréad Uí Lionáird, Leas-Uachtarán – 026 45021
Concubhar Ó Liatháin, Cléireach – 026 45083 / 00 353 85 163 2772 / 0044 771 847 7081 / concubhar.oliathain@gmail.com