–
Reáchtálfar Ceiliúradh an Dochtúra Uí Loingsigh (1842-1913) don cheathrú bliain ar an Satharn, 30ú Meán Fómhair in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Baile Mhúirne.
Seo a leanas sliocht a tógadh ó Scéalta Ó Mhúscraí le Pet Uí Chonaill a foilsíodh i nuachtán an Evening Echo 19.09.2017:
Rugadh an Dr Ó Loingsigh i gCúil Aodha sa bhliain 1842 agus ba hilghnéitheach ildaite an daol a bhí aige, lena n-áirítear seal a chaith sé ag troid sa chogadh Franc-Phrúiseach agus monarcha cniotála, bácús agus aonach beostoic á bhunú aige ina cheantar dúchais.
I dteannta lena chuid éachtaí gnó, chaith an Dr Ó Loingsigh seal mar Zouave an Phápa sa Róimh, seal ag obair ar na bóithre iarainn i Nua Eabhrac agus an fuadar óir sna Sléibhte Creagacha, roimh fhilleadh ar Chorcaigh chun an leigheas a staidéar agus bheith ina dhochtúir i mBaile Mhúirne.
Bhí an Dr Ó Loingsigh gníomhach go maith i gcúrsaí Gaeilge agus cultúir, bhunaigh sé halla pobail i mBaile Mhúirne ar mhaithe le héascú a dhéanamh ar ócáidí Gaeilge, rince agus ceoil; thionscain sé an chéad Feis Bhaile Mhúirne, agus mar bhall de choiste feidhmiúcháin Chonradh na Gaeilge, chabhraigh sé chun 11 craobh den chonradh a bhunú i Múscraí.
Tabharfaidh an comóradh léargas ar oidhreacht chultúrtha an dochtúra, agus roimh an oscailt oifigiúil ar a 2:30in beidh an comórtas amhránaíochta ar an sean-nós do Chorn Cuimhneacháin Dhómhnaill Uí Loingsigh agus Corn Uí Fhlannagáin d’amhráin nuachumtha.
Tar éis óráid tosaigh ón gcumadóir Peadar Ó Riada, beidh léacht dhátheangach á thabhairt ag aistritheoir agus comhairleoir Gaeilge UCC, Cormac Ó hAodha, agus beidh taispeántas ar shaol agus saothar an dochtúra ar crochadh san Ionad Cultúrtha le linn na deireadh seachtaine chomh maith