–
Bhí oíche den scoth againn in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh ar an Aoine, 22ú Meán Fómhair mar chuid d’ócáid Oíche Chultúir 2017 a bhí á reáchtáil ann ag an gComharchumann.
Míle buíochas le gach éinne a bhí i láthair ar an oíche go háirithe ár bhfear a’ tí Seán Óg Ó Duinnín a dhein sár-jab as an gcúram a tugadh dó agus aíonna na hoíche a thug go fuinniúil faoi stáitse – Craobh Lachtaín Naofa CCÉ; amhránaithe Aisling Gheal – Méabh Ní Dhuinnín & Danielle Ní Chéilleachair; Jane & Ali Ní Luasa; Ailsa Ní Fhuaráin; rinceoirí Scoil Rince Uí Thuama; Maighréad & Concubhar Ó Luasa, Cúil Aodha; agus Buíon Phíobairí Béal Átha’n Ghaorthaidh.
Buíochas le Bríd & Síle as cead a thabhairt dúinn Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh a úsáid don ócáid agus míle buíochas chomh maith le Údarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon trí Ealaín na Gaeltachta as an tacaíocht mhaoinithe don ócáid.
Roinnt grianghraf ón oíche: