–
Tá deireadh tagtha le hOireachtas na Samhna arís ar feadh bliana agus tá muintir Mhúscraí ar mire tar éis dóibh carn duaiseanna a thabhairt leo ón bhféile náisiúnta a bhí ar siúl thar teorainn an chontae i gCill Airne.
Bhí duaiseanna d’iomaitheoirí Mhúscraí i gComórtais Liteartha an Oireachtais, Caitríona Ní Chonaill (Leac Fhinnín, Cill na Martra) – Scríbhneoireacht Agallamh Beirte faoi 21; agus Méabh Ní Chonaill (Leac Fhinnín, Cill na Martra) – Cumadóireacht Dán faoi 16.
Bhí gaisce do mhuintir Mhúscraí sa chomórtas amhráin saothair leis an gcéad duais, dara duais agus duais speisialta á mbronnadh ar iomaitheoirí áitiúla – Siobhán Ní Mhuimhneacháin agus Seosamh Ó Críodáin sa chéad áit; Máire Ní Chéileachair agus Gobnait Ní Chrualaoí sa dara háit; agus duais speisialta do Danielle Ní Chéilleachair agus Róisín Ní Chéilleachair.
Bhí duaiseanna chomh maith do Aisteoirí Chill na Martra sa Chomórtas Sceitse; Conchubhar Ó Luasa (An Screathan, Cúil Aodha) – Comórtas na bhFear d’amhránaíocht ar an sean-nós; Danielle Ní Chéileachair (Cúil a’ Bhuacaigh, Cill na Martra) – an chéad áit sa chomórtas amhránaíochta ar an sean-nós do mhná faoi 35; Orlaith Ní Loingsigh – an chéad áit san amhránaíocht ar an sean-nós 9-12; Finín Ó Conaill (Leac Fhinnín, Cill na Martra) – dara háit sa chomórtas Aithriseoireachta 9-12.
Agus gan dabht bhí mór-chomórtas amhránaíochta an Oireachtais, Corn Uí Riada……. thug Conchubhar Ó Luasa (An Screathan, Cúil Aodha) an chéad áit leis sa chomórtas úd agus b’í Máire Ní Chéilachair a bhain amach an dara háit.
Ag ceiliúradh éachtaí áitiúla ag an Oireachtas beidh ceolchoirm cheiliúrtha ar siúl in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Baile Mhúirne ar an Aoine, 10ú Samhain ar a 8:30in áit ina mbeidh na hiomaitheoirí buacacha agus a gcuid duaiseanna ag tabhairt faoin stáitse. Saorchead isteach.