Imbolc 2018

Screen Shot 2018-01-30 at 13.25.21

 

Imbolc 2018 – Eolas agus Aíonna

Beidh Imbolc 2018, comhdháil inspioráideach na Gaeilge, ar siúl ar an Satharn, 10ú Feabhra in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Baile Mhúirne. Is tionól aon lae é seo agus beidh Gaeilgeoirí iontacha suimiúla ag caint ann arís i mbliana, daoine a bhfuil obair agus taighde ceannródaíoch ar bun acu ó gach aon earnáil den saol – gnó, na healaíona, cúrsaí sóisialta agus eile.

Tosnaíonn clárú don lucht féachana ag 9:30r.n. ar an Satharn, 10ú Feabhra. Is féidir clárú ar líne chomh maith ag www.imbolc.ie nó trí dul i mbun teagmhála leis an Ionad Cultúrtha ag 026 45733.

NA CAINTEOIRÍ
Maebh Ní Fhallúin – Tá seacht mbliana caite ag Maebh ag déanamh staidéir agus ag obair i réimse na sláinte poiblí i Londain agus i mBaile Átha Cliath. Bhain sí máistreacht amach i Scoil Sláinteachais & Leigheas Trópaicigh Londain agus ó shin i leith tá sí ag soláthar comhairle polasaí don earnáil phoiblí agus charthanais ar réimse ábhar idir murtall, alcól, tobac, cúrsaí míchumais agus an córas sláinte.

Diarmuid Johnson – File, ceoltóir, scríbhneoir agus scoláire é Diarmuid Johnson. Tá leabhra go leor scríofa aige i nGaeilge, Béarla, agus Breatnais. Ina measc sin tá Pen and Plough – Poets and Bards of 20th Century Ceredigion (Wales), saothar taighde faoi stair na tuaithe, Y Gwyddel, beathaisnéis i mBreatnais faoina óige i nGaillimh, agus Conaire Mór, athinseacht ar Togail Bruidne Da Derga, an leabhar a bhuaigh Gradam Uí Shúilleabháin 2017.

Kathleen Ní Duinnín – Is stiúrthóir bunaidh í Kathleen de White Raven, grúpa a phléann le ceol meánaoiseach agus amhránaíocht traidisiúnta na hÉireann, dhá spéis faoi leith atá ag Kathleen féin. Thosnaigh Kathleen ag casadh amhrán traidisiúnta le linn a hóige ina háit dhúchais, Co. Chorcaí, agus tá an ceol agus an teanga Gaelach ina mór-inspioráidí di ó shin. Beidh Kathlenn agus a grúpa, White Raven, i mbun ceolchoirme san Ionad Cultúrtha ar an Aoine, 9ú Feabhra an oíche roimh chomhdháil Imbolc féin.

Caomhán Mac Con Iomaire – Is ealaíontóir é Caomhán Mac Con Iomaire atá mar bhall den fhoireann oideachais i nGallearaí Náisúinta na hÉireann. Le cupla bliain anuas, tá sé ag obair mar oifigeach rochtana agus éascaithe. Sa phost seo, eagraíonn sé imeachtaí ar leith do chuairteoirí a bhfuil riachtanais bhreise acu, éascaíonn sé ceardlanna ealaíne agus cuireann sé eachtraí trí ghaeilge ar fáil sa Ghallearaí.

Maitiú Ó Coimín – Is é Maitiú Ó Coimín bunaitheoir an chomórtais idirGhaeltachta Aonach Tailteann, comórtas a fhéachann leis an spórt agus na dána a chur chun cinn i gceantair Ghaeltachta. Reáchtáladh an comórtas den chéad in 2017 agus tá imeachtaí na bliana seo le tosú i mí Feabhra. Eagraíonn Maitiú imeachtaí i gConamara don chomórtas ach bíonn sé ag plé le ceantair eile freisin.

Ailbhe Ní Ghearbhuigh – Ciarraíoch í Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Tá a cuid filíochta léite aici i bPáras, i Nua Eabhrac, i Montréal agus ar an mBuailtín. Bhuaigh a dán ‘Deireadh na Feide’ Corn Uí Néill i 2012 agus roghnaíodh ‘Filleadh ar an gCathair’ mar Dhán Uachtarántacht an Aontais Eorpaigh i 2013. Bhain an dán céanna áit amach ar ghearrliosta RTÉ, ‘A Poem for Ireland’. D’fhoilsigh Coiscéim a céad chnuasach filíochta, Péacadh, i 2008 agus Tost agus Allagar i 2016. The Coast Road an teideal atá ar chnuasach dátheangach atá díreach foilsithe ag an Gallery Press mar a bhfuil aistriúcháin le filí aitheanta an Bhéarla.

Rónán Ó Dálaigh – Is bunaitheoir é Rónán de SEDCo – Social Enterprise Development Company. Cruthaíonn agus tacaíonn SEDCo le gnóthaí sóisialta in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Bunaíodh é in 2014, agus go dtí seo tá 14 gnó sóisialta curtha ar bun aige. I measc na héachtaí pearsanta bainte amach aige tá chéad duais Gaisce, a bronnadh air as obair maidir le páirtíocht phobail agus forbairt phearsanta.

Agus ní stopfaidh an cur ná an cúiteamh ansin, mar tá cuireadh oscailte do gach duine teacht go dtí Óstán an Muilinn, Baile Mhúirne tar éis na comhdhála!

Tá cainteanna na mblianta seo thart ar fáil saor in aisce ar an suíomh http://www.imbolc.ie, agus go dtí seo féachadh orthu breis agus 4,500 uair.

Tuilleadh eolais ar líne ag www.imbolc.ie.

Screen Shot 2018-01-30 at 13.25.21

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s